Course Photo

Fáilte go suímh oifigiúil Ghalf Chumann Ghaoth Dobhair.

Bunaíodh Galf Chumann Ghaoth Dobhair sa bhliain 1926 agus tá sé suite i gcroílár na Gaeltachta sa choirnéal thiar thuaidh de Dhún na nGall i bparóiste Ghaoth Dobhair, tríocha míle ó Leitir Ceanainn agus caoga míle ó Bhaile Dhún nGall.

Imrítear an cúrsa seo 9 bpoll, par 71 i rith na bliana agus tá cuid de na radhairc is áille i nDún na nGall le feiceáil uaidh mar gheall go bhfuil an fharraige ar thaobh amháin de agus an Earagail ar an taobh eile. Tá na taillí plásóige réasúnta agus cuirtear fáilte roimh ghrúpaí agus cuairteoirí, an mhórchuid acu filleann gach bliain go háirithe muintir na Sé Contaetha.

Tá áfach 200 ball sa Chlub idir mná, fir agus na sóisir agus cuirtear béim mhór ar pholasaí na sóisir sa Chlub. Tá luach mheasartha ar tháillí ballraíochta agus cuirtear lascaine mhaith ar fáil do thosaitheoirí. Bíonn comórtaisí ar siúl gach deireadh seachtaine agus bíonn Lá na mBan ar siúl gach Céadaoin. Bíonn an club páirteach i gcomórtaisí éagsúil i rith na bliana mar Sraith na Gaeltachta, Sraith Dhún na nGall, Sraith Mhionúr Dhún na nGall, Corn Uladh, na sóisir páirteach i gComórtas Fheargal ó Dálaigh agus na mná páirteach i gComórtas Mhaura Uí Dhomhnaill chomh maith le Comhar na mBan.

Facebook

Weekly Notes 9th February 2015
McBride claims victory....

Weekly Notes 13th October 2014
Keg of Guinness for Peadar ....

Weekly Notes 5th October 2014
Cathal Og wins BC Embroidery Competition....




Club Captain Photo

A message from our club captain
Is mór an onóir domhsa a bheith ina chaptaen ar Ghailf Chumann Ghaoth Dobhair i mbliana. Míle buíochas do Phádraig Ó Gallchóir ar son scoith na hoibre i rith na bliana agus guím ádh mór air sa todhchaí. Fosta, míle buíochas don choiste atá ag éirí as, go háirithe Eugene McCafferty agus JP Ó Gallchóir ar son na mblianta fada atá caite acu ar an choiste. Guím ádh mór ar an choiste úr ag teacht isteach agus ádh mór ar an Uachtarán Hughie Ó Dochartaigh agus leas chaptaen Micheál Ó Dochartaigh. Comhghairdeas le Bríd Uí Chearnaigh, captaen Chumann na mBan do 2015. Tá súil agam go mbeidh bliain mhaith ag gach duine sa chlub. Ádh mór agus go raibh míle maith agat.
Emmet Mac Aoidh